Let’s get digital, digital
Are you noticing a song-y theme in my posts today? This is just a quick post to point you in the direction of Digitise the Nation, a week-long awareness campaign promoted by the IIA but run by you!
Here in the Irish Internet Association we believe being online and confident about what you are doing is a key step to personal and professional growth. We developed Digitise the Nation to bridge the gap between the digital natives and, well, the digital tourists.
So pop on over to Digitise the Nation to find out what it’s all about and how you can get involved.
An bhfuil Quora againn? (My Seachtain na Gaeilge post)
It’s Seachtain na Gaeilge this, em, fortnight and today is St. Patrick’s Day. As any stalkers readers who have been reading this blog over the last three years will know I am a fluent Irish speaker. In fact I write a monthly technology column for the long-running Irish Langauge Online Zine Beo! My editor has kindly allowed me to republish a recent article I wrote about Quora to help the IIA commemorate Seachtain na Gaeilge.
In this article I give a basic overview of this new curated knowledge site that came out of private beta at the beginning of the year to much acclaim. I didn’t write too much about the business applications of Quora. However I have obviously been thinking about that since and briefly I think they are as follows:
- Share your expertise: when answering a question on Quora you can adjust your bio to suit that question. E.g. I work for the IIA so when I’m answering the question “How can professional associations survive Web 2.0?” I make it clear that I am a membership manager with a professional association. However if I wanted to respond to another question in the Television category I might set my bio to refer to my credentials as a TV critic.
- Gain knowledge: Many complain about the mundanity of much of the content on Facebook and Twitter. “Oh there are two many updates like “I’m on the bus.” In contrast to this Quora is heavily curated and while you can follow those in your network (or not!) you can also choose to follow specific topics (e.g. I am following Social Media Marketing) In fact you can follow only topics and no people at all.
- Build your network: However following topics and questions relating to your industry will allow you to develop your network, especially internationally. Quora’s system which allows users to “vote up” answers will also allow you to quickly recognise who is rated among their peers. This could potentially allow you to scout partners in different regions or, in our case, potential speakers.
- Search: While Quora actively discourages mentioning brand names their site is completely open to the search engines so sharing your knowledge and expertise on a topic that your customers search for and using keywords
cannilynaturally in your responses will only lead those customers back to you. E.g. Check out this thread on “wine opener gadgets“.
What other potential business applications does Quora have? Share your thoughts in the comments below. Also you can read ReadWriteWeb’s thoughts on the applications for Small Business.
Agus anois for my patriotic duty!
Tá giolla nua sa ghairdín a bhfuiltear ag tabhairt an ’Facebook nua’ air. Tá an clú sin tuillte aige toisc an chosúlacht idir a sheirbhís agus “Facebook Questions”. Níl an tseirbhís sin ó Facebook ar fáil ar fud an domhain go fóill, ach tá seirbhís Quora i ngach cearn a bhfuil an t-idirlíon ar fáil. Séard atá i Quora ná ceisteanna curtha, freagartha agus coiméadta ag an bpobal atá in úsáid. Is léir gur thuig bunaitheoirí Quora go raibh daoine ag úsáid an idirlín chun ceisteanna a fhreagairt agus ba léir ó leithéidí Twitter agus Facebook go raibh siad ag cur níos mó muinín i bhfreagraí ó dhaoine in ionad a chur sna freagraí a fuair siad ó chuardach Google.
Is céim nádúrtha i dtimthriall cuardaigh iad Quora is a mhacasamhail. Thosnaigh cuardach le leithéid Yahoo a bhailíodh ábhar spéisiúil agus a choimeádadh é ar a son siúd a bhí ag cuardach eolais. Ach d’éirigh an tIdirlíon i bhfad rómhór, róthapaigh agus cruthaíodh Google. Ach anois tá an-iomarca tuisceana ar algartam Google agus tá an t-inneall seo faoi ionsaí ag na seoltóirí turscair is na scrábaire scáileáin agus is minic nach bhfaightear aon eolas feidhmiúil go dtí an dtríú nó an ceathrú leathanach.
Tháinig ar an saol mar sin, ní hamháin Quora, ach na céadta seirbhísí eile atá ag déanamh iarracht an t-eolas a choimeád in ord agus in eagar don bhrabhsálaí idirlín. Tá ar ndóigh, Yahoo Answers ann ach tá an suíomh seo truaillithe nuair nach bhfuil córas ceart coimeádta air. Féach mar shampla an bailiúchán seo de cheisteanna is de fhreagraí dochreidte. Bí cúramach – tá an t-ábhar seo NSFW mar a deirtear in acrainim Béarla (“Not Safe For Work”).
Níos Deisiúla Fós
Tá neart suíomhanna téacs agus meáin saibhre ann a mhíníonn conas rudaí a dhéanamh is a fhreagraíonn ceisteanna VideoJug, About, WikiHow agus fiú YouTube agus Wikipedia ach tá cúpla rud ann a chabhraíonn le Quora:
- Tá sé simplí agus soiléir: tá an t-inneall cuardaigh ag an mbarr ar fad. Tar éis cuardach a dhéanamh, muna mbíonn do cheist curtha cheana féin romhat, is féidir do cheist féin a chur. Sula gcuirtear an chéad cheist, caithfear ceacht sciobtha a dhéanamh. Tá trí shampla den saghas ceiste atá muintir Quora ag lorg agus caithfidh tú an sampla ceart a roghnú. Rud beag teagascach b’fhéidir, ach is léir go luath go bhfuil foireann Quora dáiríre faoi chaighdeán an ábhair ar a suíomh.
- Agus ag caint ar fhoireann Quora: tá an feidhmchlár idirlín seo cruthaithe ag meitheal innealtóirí iar-Facebook, ina measc Adam d’Angelo an chéad phríomhfheidhmeannach teicneolaíochta ar Facebook. Seo dream daoine a bhfuil saineolas acu, ní hamháin ar chruthú gréasáin sóisialta, ach ar úsáid, mí-úsáid agus ar fhorbairt gréasáin sóisialta.
- Tuiscint agus taithí: leis an tuiscint agus taithí sin, thóg bunaitheoirí Quora gréasán a úsáideann an dá rudaí is tábhachtaí ar an idirlíon le deich mbliana anuas: sóisialtacht agus cuardach. Chruthaigh siad feidhmchlár leis an eolas seo a thit i lár na deighilte eatarthu. Is féidir an suíomh a chuardach ach is féidir cairde is comhluadar a leanúint nó is féidir brabhsáil trí ábhar nó amlíne. Ach mar bharr ar sin, tá Quora oscailte do chuardach Google; muna bhfuil spéis agat mar sin, tumadh isteach i Quora féin, gheobhaidh tú freagra ar do cheist ar Google ar aon nós. Chomh maith leis sin má tá foláirimh eocharfhocal socraithe agat ag Google.com/alerts, ba chóir go bhfaigheadh tú foláirimh ar an ábhar gur spéis leat ó Quora leis. Seo éagsúlacht bhunúsach idir Quora agus Facebook: tá Facebook, don chuid is mó, dúnta ó chuardaigh Google. Ar an taobh sóisialta de, tá Quora go hiomlán nasctha le Twitter, Google agus Facebook tríd a nApi-anna agus is féidir leat do chairde ar na gréasáin sin atá ag úsáid Quora a leanúint gan stró agus is féidir ceisteanna is freagraí a roinnt ar na gréasáin sin freisin.
- Daoine seachas ábhar; ábhar seachas daoine: Is minic a leantar daoine ar Twitter agus leathanaigh ar Facebook mar tá spéis agat san ábhar atá faoi chaibidil ag an duine nó ag an leathanach sin. Ag tógáil ar an mian sin, is féidir tosnú ar Quora trí ábhar a leanúint in ionad daoine. Is féidir cuirithe a chur amach chuig cairde ar leith agus sa chuireadh is féidir ábhar ar leith a lua leo. Mar shampla, nuair a thug mé cuireadh do mo mháthair, iarmhúinteoir Francaise, luaigh mé léi trí eocharfhocal a bhuail isteach go mbeadh sí abalta “múineadh” “An Fhrainc”, “Tuismitheoireacht” agus “Fraincis” a leanúint. Nó i mbéarlagair Quora féin “thug” mé ábhar di.
- Muinín: Ceann de na deacrachtaí is mó le Google, go háirithe anois ó tá sé go hiomlán “imeartha” ag na saineolaí optamú inneall cuardaigh ná nach féidir leat a bheith cinnte gurb iad na torthaí a fhaigheann tú na torthaí is fearr. Ar Quora is féidir vóta a chaitheamh ar son an freagra is fearr ar cheist, is féidir tráchtaireacht a fhágáil ar cheist agus fiú amháin, is féidir eagarthóireacht a dhéanamh, ní hamháin ar fhreagra ach ar an gceist féin. Chomh maith leis sin tá cnaipe chun buíochas a gabháil le freagróir ar leith. Mar sin, go háirithe ar na hábhair is conspóidí, d’fhéadfá a bheith cinnte go leor go bhfuil an pobal ag faireadh air.
Sásamh
Seoladh Quora i lár an samhraidh seo chaite ach bhí sé dúnta do chách seachas an dream a raibh cuireadh faighte acu. Osclaíodh é don saol mór le mí anuas, ach cheana, tá daoine mór le rá ar líne an-tógtha leis, An Scobleizer féin ina measc, a scríobh
“I’m really loving it. I have a hard time explaining why. I’m not the only one, either. Wow.”
Rabhadh amháin áfach: bí ar an eolas gur slogaide ama amach is amach é an suíomh seo agus níl aon nuálacht ag baint leis sin. Is féidir mise a leanúint ag http://www.quora.com/Roseanne-Smith
Andrew Draper, Co-founder Manpacks.com keynote speech (Podcast)
In October we held a conference specifically aimed at online retailers called “8 Ways to Sell More Stuff” (read a review here). The feedback was very positive and we hope to produce more events in this style in 2011.
In the meantime here is the first of some of the presentations that I recorded on the day. I didn’t manage to record them all (sorry Michael Kane!) and it may be a while before I have an opportunity to tidy the other few up but there should be plenty for you to mull over in this podcast below.
This is Andrew Draper, Co-founder of Manpacks.com sharing his experience of launching not only a new online business in the last year but a business with a unique business model.
The headline sponsor of “8 Ways to Sell More Stuff” was An Post and one way you could sell more stuff is by checking out their new site ILoveShopping.ie.


